Nua-Ghaeilge - Modern Irish
Eolas faoin gCúrsa
Is féidir an chéim seo a dhéanamh go lánaimseartha (bliain amháin) nó go páirtaimseartha (dhá bhliain). Trí mheán scrúduithe agus tionscnaimh taighde a dhéantar obair na mac léinn a mheas.
Bíonn deis ag mic léinn tabhairt faoi thograí sa chleachtas cruthaitheach i réimse na dtaibhealaíon, an traidisiúin bhéil, agus/nó na scríbhneoireachta cruthaithí mar chuid den chúrsa chomh maith más mian leo. Chomh maith leis seo, bíonn rogha ag an mac léinn idir tráchtas (NG699) agus togra sa taighde ealaíonta (NG637).
Tá roghanna iontacha ann do mhic léinn sa chúrsa seo laistigh de na conairí éagsúla atá ar fáil dóibh:
• Cruinneas, Saibhreas, agus Cumarsáid (Na Meáin)
• Litríocht agus Critic
• Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge
• An MA Nua-Ghaeilge ginearálta
Struchtúr an Chúrsa
Is é aidhm an MA againn go gcuirfidh mic léinn eolas domhain ar roinnt gnéithe de theanga, de chultúr agus de litríocht na Nua-Ghaeilge (ó 1200 AD i leith) agus go mbeidh saineolas acu ar réimse amháin díobh sin de bharr a gcuid taighde.
Seo hiad na cóid ar an gcóras PAC ar líne le cur isteach ar aon cheann de na roghanna 1-4 thuas: MHU50 Lánaimseartha NÓ MHU51 Páirtaimseartha.
Tá tuilleadh eolais faoi na sruthanna MA thuas le fáil ar shuíomh idirlín Roinn na Nua-Ghaeilge.
Subjects taught
Tá ceithre chonair ar fáil do mhic léinn mar chuid den MA Nua-Ghaeilge:
• Cruinneas, Saibhreas, agus Cumarsáid (Na Meáin)
• Litríocht agus Critic
• Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge
• An MA Nua-Ghaeilge ginearálta
Entry requirements
De ghnáth, bunchéim Onóracha le Dara hOnóracha grád 2 (II.2) ar a laghad sa Ghaeilge agus grád II.1 ar a laghad i modúil na teanga a bhíonn ag teastáil. Déanfar iarratais a mheas freisin ó iarrthóirí a bhfuil céim acu in ábhair eile ach ar féidir leo an cumas cuí sa Ghaeilge a léiriú.
Application dates
Closing Date : 30 August 2025
Applications are open for the 2025/6 academic year. Visit our online application portal to start your application.
We are here to support you throughout the admissions process.
For queries on your postgraduate course options please contact pgstudies@mu.ie
For queries or support on your application process please contact pgadmissions@mu.ie
If you are an international (Non-EU) applicant please contact internationaladmissions@mu.ie
Duration
MHU50: 1 bhliain lánaimseartha (1 year full-time)
MHU51: 2 bhliain páirtaimseartha (2 years part-time)
Fees
In general, there are two levels of fees payable. EU students from EU countries including Ireland pay a subsidised level of fees for both taught courses and research programmes. Tuition fees for students from outside the EU are not subsidised and are thus somewhat higher than for EU students.
Post Course Info
Deiseanna Fostaíochta
Múinteoireacht ar an dara nó ar an tríú leibhéal; aistritheoireacht; iriseoireacht, na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta agus na meáin chumarsáide; riarachán. Is féidir le mic léinn a n-éiríonn go maith leo sa chúrsa seo tabhairt faoi PhD sa Nua-Ghaeilge.
More details
-
Qualification letters
MA
-
Qualifications
Degree - Masters (Level 9 NFQ)
-
Attendance type
Full time,Part time,Daytime
-
Apply to
Course provider