Translating & Editing - Aistriúchán & Eagarthóireacht - Ar Líne

Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne) á reáchtáil ag Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad ó bhí 2007 ann. Le freastal ar éileamh ó iarrthóirí, ó chéimithe agus ó fhostóirí in earnáil an aistriúcháin agus na heagarthóireachta, rinneadh cinneadh in 2016 deis a thabhairt do mhic léinn an Dioplóma Iarchéime a mbeadh caighdeán sách ard acu, tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach.



Is cúrsa dhá bhliain é an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, agus bronnfar Dioplóma Iarchéime orthu siúd a bhainfidh an pasmharc de 60% amach ag deireadh an chúrsa sin. Tabharfar deis do na mic léinn a bhainfidh 65% nó os a chionn amach sa Dioplóma Iarchéime tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach. Is idir mí an Mheithimh agus mí Dheireadh Fómhair, tar éis dóibh an Dioplóma Iarchéime a chríochnú, a bheidís ag gabháil don chéim bhreise sin.



Glacfar le hiarratais ó mhic léinn reatha agus ó chéimithe de chuid an Dioplóma Iarchéime araon. Tá líon na n-áiteanna teoranta.

Subjects taught

Course Structure

Struchtúr an MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne)

Modúil an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht,

Entry requirements

Riachtanais iontrála

Ar a laghad 65% sa Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (ar líne).

Application dates

Closing Date : 30 August 2025



Applications are open for the 2025/6 academic year. Visit our online application portal to start your application.

We are here to support you throughout the admissions process.



For queries on your postgraduate course options please contact pgstudies@mu.ie

For queries or support on your application process please contact pgadmissions@mu.ie



If you are an international (Non-EU) applicant please contact internationaladmissions@mu.ie

Duration

2 years part-time

Dhá bhliain

Enrolment dates

Dáta tosaithe: Meán Fómhair

Post Course Info

Cé go bhfuil an clár dírithe go príomha ar dhaoine ar mian leo a bheith ag obair mar aistritheoirí agus mar eagarthóirí, agus ar dhaoine atá ag obair sna hearnálacha sin cheana féin, rachadh sé chun sochair freisin do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge in earnáil ar bith agus ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.



Tá céimithe de chuid an chúrsa seo ag obair i réimse leathan áiteanna – in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, cuir i gcás, i ranna agus eagraíochtaí Stáit, i scoileanna agus ollscoileanna, sna meáin, agus i gcomhlachtaí aistriúcháin agus ateangaireachta.

More details
  • Qualification letters

    MA

  • Qualifications

    Degree - Masters (Level 9 NFQ)

  • Attendance type

    Part time

  • Apply to

    Course provider