Oifigeach Feidhmiúcháin (Líofacht sa Ghaeilge) sa Státseirbhís 2024

24 days to apply
Apply by: 07.11.2024

Graduate job

€35,000 - €39,999

Tá Oifigigh Feidhmiúcháin fostaithe i ngach Roinn/Oifig Rialtais ina bhfuil réimse freagrachtaí feidhmiúcháin. Is é grád an Oifigigh Feidhmiúcháin an grád bunleibhéil ag leibhéal na bainistíochta sóisearaí sa Státseirbhís.

Déanann Oifigigh Feidhmiúcháin anailís chriticiúil ar mholtaí agus ar thuarascálacha, agus déanann siad imscrúdú ar chásanna neamhchoitianta casta a dteastaíonn cinneadh uatha. Bíonn obair agus gníomhaíochtaí éagsúla ar siúl ag Oifigigh Feidhmiúcháin agus tá na nithe seo a leanas san áireamh: taighde a dhéanamh agus moltaí a dhréachtú maidir le beartas agus maidir le reachtaíocht; obair an bhainisteora shóisearaigh a dhéanamh i Ranna Rialtais, a bheith freagrach as obair a bhainistiú agus, tar éis dóibh taithí a fháil, as foireann mhór agus acmhainní eile a bhainistiú; a bheith ag plé go díreach le baill den phobal maidir leis na seirbhísí a chuireann an Státseirbhís ar fáil dóibh.

Nuair atá Oifigigh Feidhmiúcháin á n-earcú, tuigeann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí gur féidir go rachadh cuid mhaith díobh siúd a cheaptar ar aghaidh chuig poist shinsearacha sa Státseirbhís. Dá bharr seo, lorgaímid daoine a thaispeánann an cumas freagracht ard a ghlacadh i mbainistíocht na seirbhíse poiblí agus maidir le hanailís a dhéanamh ar cheisteanna beartais phoiblí.

Le bheith éifeachtach sa ról mar Oifigeach Feidhmiúcháin sa Státseirbhís, ní mór d'iarrthóirí:

  • suim a bheith acu i ngnóthaí poiblí agus a bheith dírithe ar choincheap na seirbhíse poiblí;
  • an cumas daoine agus acmhainní a phleanáil agus a eagrú chun spriocanna a bhaint amach;
  • tuiscint agus comhbhá a bheith acu agus iad ag déileáil le daoine eile agus a bheith in ann daoine a mhealladh agus iad i dteagmháil leo;
  • a bheith in ann a chinntiú go gcomhlíontar gach tasc ar ardchaighdeán;
  • a bheith toilteanach smaointe agus eolas a roinnt le daoine, chun toradh ar leith a bhaint amach;
  • suim a bheith acu oibriú mar bhall d'fhoireann;
  • an cumas ábhar a scríobh go soiléir, go gairid, go cuimsitheach agus go mealltach;
  • tiomanta do thorthaí ar ardchaighdeán a bhaint amach;
  • in ann tionscnaíocht a úsáid nuair is cuí;
  • in ann athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar réimsí neamhghnácha casta agus moltaí cuí a dhéanamh.

Dáta dúnta: 3i.n. Déardaoin 7 Samhain 2024

Táimid tiomanta do dheiseanna comhionannais agus cuirimid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta

More Details

Salary

€35,000 - €39,999

Apply by

07.11.2024

Locations

Nationwide

undefined background image

We've got you

Get the latest jobs, internships, careers advice, courses and graduate events based on what's important to you. Start connecting directly with top employers today.